Antigone

Antigone

ANTIGONE by Jean Anouilh

“In world literature no dissent from mundanity has been more trenchant than Antigone’s”.

Seo scéal an chailín a thug dúshlán an stáit agus a chuir fáilte roimh an mbás mar nár fhéad sí glacadh leis an measarthacht nó leis an modhúlacht. Tá an bhua is an díomua, an chaimiléireacht is an chneastacht, an grá is an ghráin fite fuaite ina chéile sa scoth-shaothar seo. Ceann de mhór-dhrámaí ár linne, aistrithe go Gaeilge don chéad uair agus arna léiriú ag an gcompántas nua-bhunaithe Splódar.

Jean Anouilh

Rugadh Jean Anouilh i mBordeaux i 1910. Ba tháilliúir é a athair agus veidhleadóir proifisiúnta ba ea a mháthair. Rinne sé staidéar ar an dlí i bParas agus d’oibrigh sé in áisíneacht fógraíochta ar feadh tamaill. Stáitsíodh a chéad dráma i 1932 ach b’iad na drámaí Le voyageur sans baggage (Taistealaí gan bhagáiste) agus Le bal des voleurs (Carnabhal na ngadaithe) a bhain cáil amach dó. Drámaí cáiliúla eile leis ná La Valse des Toreadors, L’Aloutte, Pauvre Bitos agus La petite Moliere.

Scríobh sé Antigone i 1942 agus stáitsíodh é i 1944.le linn dona Gearmánaigh bheith i gceannas ar Pharas. De reir dealraimh ceadaíodh an léiriú mar gur aontaigh na Gearmánaigh le tuairimí Chreon i leith na deachtóireachta. Ar a láimh eile dhe, d’fhéach muintir an Resistance ar an gcailín óg seo, Antigone mar bhanlaoch in aghaidh ionradh na nGearmánach ar a dtír.

Phós Anouilh an aisteoir Monelle Valentin i 1931 ach scaradar roinnt blianta ina dhiaidh sin. Fuair sé bás i 1987.


Foireann

Tráchtaire
Noni Stapleton
Antigone
Melanie Clarke-Pullen
Nain
Rita Evelyn Smith
Ismene
Máire Ní Mhuiris
Haemon
Cillian Ó Donnachadha
Creon
Niall Ó Cíosóg
Jonas
Lochlann Ó Mearáin
Garda a haon
Michael Roper
Garda a dó
Iorras Ó Gallachóir / Pól Mac a tSionnaigh
Teachtaire
Proin Ó Duigneáin
Giolla
Fionn Ó Riain
   
Stiúrthóir
Proin Ó Duigneáin
Dearadh Seit
Dee Armstrong
Dearadh Soilsithe
Philip McIntyre
Cultacha
Pam Ferguson
Fuaim
Lúcas MacFhionnaile


Príomh-Aisteoirí

Melanie Clarke Pullen



   
Noni Stapleton



   
 

Niall Cusack



© 2019 Splódar | Log in